Chuaigh sí ar scoil Dhoire Thanaí. Bhí thart ar 100 scolaire ann san am. D’fhag sí an scoil ag 14 bliana d’aois. Bhí sí sa bhaile agus bhí sí ag cniotáil, ag obair ar an fheirm, ag sábháil féir agus ag sábháil móna. Obair phreátaí agus obair tí. Bhí 5 sa teaghlach, d’imigh beirt deartháir léi go Sasana agus d’imigh a deirfiúr, Bríd, go Meiriceá ag 20 bliain d’aois. Bhí uaigneas uirthi i ndiaidh a deirfiúr, a cuimhne ar an oíche sular imigh sí. | 00:02:43 | |